Peer-Reviewed Journal Details
Mandatory Fields
Ó hIfearnáin, Tadhg
2002
Unknown
Taighde Agus Teagasc
Doimhne an Dúchais: Éagsúlacht san Aistriú Teanga i gCeap Breatainn na hAlban Nua
Published
()
Optional Fields
Gaeilge na hAlban; Gàidhlig; Gaelic; Albain Nua; Nova Scotia; Acadian French; Mi'kmaq
2
62
91
Tá Oileán Cheap Breatainn suite sa chúinne thoir thuaidh de chúige na hAlban Nua, in oirthear Cheanada. Oileán atá ann, ach tá 3 km de thóchar thar chaolas Canso á cheangal leis an gcuid eile den chúige agus le mór-roinn Mheiriceá Thuaidh. Tá sé tuairim is 175 km ar fad agus 120 km ar leithead, agus tá 10,311 km2 sa dúiche seo ina raibh cónaí ar 156,490 duine i 1996 (Statistics Canada 2001) .i. tá Oileán Cheap Breatainn ar cóimhéid go garbh le contaetha Mhaigh Eo agus na Gaillimhe le chéile ach gan ach leath a ndaonra siúd ann. Is é Sydney príomhbhaile an oileáin, agus tá breis agus leath an phobail ina gcónaí ansin nó sna bailte mórthimpeall ar chósta an Atlantaigh, mar a mbíodh mianaigh agus neart tionsclaíochta go dtí lár an 20ú haois. Tá an chuid eile den daonra scaipthe i mbailte beaga agus i mbailte fearainn sna ceithre chontae atá san Oileán: Cape Breton County, ina bhfuil baile Sydney; Richmond County taobh thiar agus theas de; Inverness County ar chósta an iarthair; agus Victoria County a shíneann ó Bhá San Labhrás ó dheas ar ais go dtí ceantar Sydney. Tagann teorainneacha na gcontaetha le chéile i Lochanna Bras d’Or, loch mór agus sraith de chuislí uisce atá i lár an oileáin agus a chlúdaíonn 932 km2, beagnach dhá uair go leith níos mó ná Loch nEathach. PUBLISHED peer-reviewed
1473-7078
http://hdl.handle.net/10344/4280
Grant Details
Publication Themes
Humanities in Context